Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Reform Support

Riarachán ioncaim agus bainistíocht airgeadais phoiblí

RIARACHÁN IONCAIM

Ioncam a riar

Tá brú ar údaráis ioncaim Bhallstáit an Aontais níos mó a bhaint amach le níos lú acmhainní. Ag an am céanna, ní mór dóibh a chinntiú go ndíspreagtar an neamhchomhlíonadh go héifeachtach. Cabhraíonn an Coimisiún le húdaráis ioncaim feabhas a chur ar a bpríomhfheidhmeanna gnó agus ar a bpróisis bhainistíochta. Trí na feidhmeanna agus na próisis sin a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla, féadfaidh na húdaráis ioncaim ioncam inbhuanaithe a chinntiú don rialtas.

SAMPLAÍ DEN TACAÍOCHT

  • Seirbhísí cáiníocóirí a fheabhsú.
  • Neartú a dhéanamh ar shásraí um réiteach díospóidí.
  • Nuachóiriú a dhéanamh ar phróisis, oibríochtaí agus uirlisí bailithe fiach.
  • Creataí pleanála straitéisí agus bainistíochta feidhmíochta a fhorbairt agus a chur chun feidhme.
  • Rialú inmheánach, bainistíocht riosca eagrúcháin agus slándáil faisnéise a chothú.
  • Feabhas a chur ar phróisis ghnó agus ar bhainistíocht tionscadal agus athruithe.

Comhlíonadh cánach

Feabhas a chur ar an gcomhlíonadh cánach, tá sé sin an-tábhachtach maidir le hacmhainní a shlógadh go héifeachtach. Tá cuir chuige nua á bhforbairt ag údaráis ioncaim chun an comhlíonadh deonach a mhéadú, an neamhchomhlíonadh a bhainistiú, costais an chomhlíonta a íoslaghdú agus an mhuinín iomlán sa chóras cánach a fheabhsú. Cuireann an Coimisiún tacaíocht theicniúil ar fáil i dtaca le bainistíocht an chomhlíonta a cheapadh agus a chur chun feidhme.

SAMPLAÍ DEN TACAÍOCHT

  • Feabhas a chur ar an mbainistíocht riosca agus ar na straitéisí maidir le comhlíonadh.
  • Cláir chomhoibríocha um chomhlíonadh a chur ar bun.
  • Éascaíocht a dhéanamh ar chuir chuige iompraíochta a chur chun feidhme.
  • Feachtais chumarsáide agus feasachta a fhorbairt.

Pleanáil ionsaitheach cánach, calaois chánach agus imghabháil cánach

Tosaíocht de chuid an Aontais is ea srian a chur le pleanáil ionsaitheach chánach, le calaois chánach agus le himghabháil cánach. Tá sé riachtanach chun slógadh ioncaim a chosaint, comhroinnt chothrom an ualaigh chánach a chinntiú agus saobhadh na hiomaíochta a sheachaint. Cuireann an Coimisiún tacaíocht ar fáil ar mhaithe le sásraí a bhunú chun creimeadh an bhoinn cánach a sheachaint trí aistriú brabúis trasteorann. Cuirtear tacaíocht ar fáil freisin chun straitéisí frithchalaoise a cheapadh agus a chur chun feidhme.

SAMPLAÍ DEN TACAÍOCHT

  • Acmhainneacht a chothú le go gcuirfear chun feidhme pacáiste an Aontais i gcoinne seachaint cánach, sin agus gníomhaíochtaí maidir le creimeadh an bhoinn agus aistriú brabúis.
  • Straitéisí frithchalaoise a cheapadh agus a chur chun feidhme.
  • Dul i ngleic le calaois ‘an trádálaí ar iarraidh’.
  • Tacú leis an gcomhar riaracháin agus leis an malartú faisnéise.

Digitiú na n-údarás ioncaim

Le fás tapa na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC) tugtar dúshlán na n-údarás ioncaim coinneáil suas leis na forbairtí agus treochtaí is déanaí. Tá an digitiú ríthábhachtach chun seirbhísí cáiníocóirí níos fearr a chur ar fáil, chun déileáil le mórshonraí agus chun rioscaí a bhrath. Tá sé tábhachtach freisin chun bailiú ioncaim a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla. Cuireann an Coimisiún tacaíocht theicniúil ar fáil i dtaca le hathchóirithe TFC a cheapadh agus a chur chun feidhme sna húdaráis ioncaim.

SAMPLAÍ DEN TACAÍOCHT

  • Straitéisí agus pleananna gníomhaíochta TFC a fhorbairt.
  • Rialachas agus bainistiú sonraí a neartú.
  • Sonraíochtaí cásanna gnó agus sonraíochtaí feidhmiúla a dhréachtú.
  • Creat cistiúcháin a shainaithint le haghaidh infheistíochtaí TFC.

An tAontas Custaim

Tá an tAontas Custaim tábhachtach chun cosaint a dhéanamh ar theorainneacha seachtracha an Aontais agus ar bhailiú cothrom trédhearcach dleachtanna custaim agus cánacha ábhartha eile, ar nós dleacht mháil agus cáin bhreisluacha. Ag an am céanna, cinntíonn an tAontas Custaim go mbíonn sreabhadh réidh trádála idirnáisiúnta ann thar theorainneacha an Aontais. Cuireann an Coimisiún tacaíocht theicniúil ar fáil do na húdaráis náisiúnta chun cuidiú leo athchóirithe custaim a cheapadh agus a chur chun feidhme.

SAMPLAÍ DEN TACAÍOCHT

  • Straitéisí a dhearadh don chlaochlú digiteach.
  • Réitigh chustaim dhigiteacha a mhapáil le haghaidh iompórtáil agus easpórtáil coinsíneachtaí ríomhthráchtála.
  • Uirlisí bainistithe riosca a nuachóiriú.
  • Straitéisí frithsmuigleála agus feachtais feasachta a cheapadh.

Beartas cánach

Le beartais mhaithe chánach comhlíontar cuspóirí ioncaim agus cinntítear go dtacaíonn an córas cánach le fás atá cothrom ionchuimsitheach inbhuanaithe. Ag an am céanna, tugann siad deimhneacht dhlíthiúil agus laghdaíonn siad an t-ualach riaracháin. Cuireann an Coimisiún tacaíocht theicniúil ar fáil chun reachtaíocht chánach a cheapadh agus a dhréachtú agus chun anailís a dhéanamh ar na costais agus na tairbhí a bhaineann le hathruithe ar bheartais chánach. Is féidir leis an gCoimisiún cabhrú freisin chun modheolaíochtaí a fhorbairt le haghaidh anailís, ionsamhlú agus réamhaisnéis ioncaim.

SAMPLAÍ DEN TACAÍOCHT

  • Acmhainneacht a chothú i dtaca le micrea-ionsamhlaithe agus samhaltú.
  • Beartais agus reachtaíocht chánach a mheasúnú.
  • Athchóirithe ar chánachas glas a cheapadh.
  • Modheolaíochtaí a fhorbairt chun an bhearna chánach a mheas.
Flag of Slovakia with sky

Tá an Coimisiún ag tacú leis an gComhairle um Fhreagracht Bhuiséadach sa tSlóvaic maidir le nuachóiriú a dhéanamh ar na modhanna samhaltaithe chun meastachán a dhéanamh ar na héifeachtaí fioscacha láithreacha, iompraíochta agus comhiomlána a bhaineann leis na tionscnaimh beartais cánach agus aistrithe a d’fhéadfadh a bheith ann.

BAINISTÍOCHT AIRGEADAIS PHOIBLÍ

Beartas caiteachais

Tráth is gá do rialtais déileáil le brú méadaithe maidir leis an gcaiteachas poiblí, tá sé níos tábhachtaí fós cáilíocht an airgeadais phoiblí a fheabhsú. Le hairgeadas maith poiblí cinntítear go dtacaíonn an beartas caiteachais le fás eacnamaíoch inbhuanaithe agus go gcuirtear an cothromas chun cinn. Nuair a chuirtear feabhas ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht an chaiteachais phoiblí cabhraítear chun srianta buiséadacha a mhaolú. Cuireann an Coimisiún tacaíocht ar fáil chun athbhreithnithe caiteachais a cheapadh, a chur i gcrích agus a institiúidiú. Tacaíonn sé freisin le Ballstáit an Aontais feabhas a chur ar chleachtais agus ar acmhainneacht maidir le bainistiú, faireachán agus meastóireacht ar an gcaiteachas poiblí.

SAMPLAÍ DEN TACAÍOCHT

  • Tacú chun athbhreithnithe caiteachais a cheapadh agus a chur i gcrích.
  • Treoir a thabhairt i dtaobh athbhreithnithe caiteachais a ailíniú ar bhealach níos fearr leis an bpróiseas buiséadach agus le huirlisí bainistíochta airgeadais phoiblí.
  • Acmhainneacht a chothú agus cleachtais a fheabhsú maidir le meastóireacht ar chaiteachas poiblí.
Flag of Estonia with sky

Tá an Coimisiún ag tacú le hAireacht Airgeadais na hEastóine agus í ag féachaint le húsáid athbhreithnithe caiteachais a institiúidiú mar uirlis anailíseach chun leithdháileadh acmhainní poiblí a dhéanamh níos éifeachtúla.

Buiséid a ullmhú agus a chur chun feidhme

Chun sochair inláimhsithe a thabhairt dá saoránaigh, ní mór do rialtais a mbuiséid a phleanáil go cúramach agus iad a chur chun feidhme go héifeachtúil agus go tráthúil. Tá an t-ullmhúchán buiséid ríthábhachtach chun leithdháileadh acmhainní a bhaint amach a léiríonn tosaíochtaí beartais an chaiteachais. Le córas éifeachtúil feidhmithe buiséid cinntítear go gcaitear cistí poiblí i gceart. Cuidíonn an Coimisiún leis na húdaráis náisiúnta feabhas a chur ar an bpróiseas buiséadach. Dírítear sa tacaíocht theicniúil ar bhuiséadú feidhmíochta agus an creat buiséadach meántéarmach a neartú. Cuidíonn an Coimisiún leis na Ballstáit feabhas a chur ar chleachtais feidhmithe buiséid freisin.

SAMPLAÍ DEN TACAÍOCHT

  • An creat feidhmíochta buiséid a neartú.
  • Feabhas a chur ar chreataí buiséadacha glasa, inscne agus tosaíochta eile.
  • An creat buiséadach meántéarmach a neartú.
  • Feabhas a chur ar chleachtais feidhmithe buiséid.

Cuntasaíocht na hearnála poiblí agus staidreamh

cleachtais chuntasaíochta agus tuairiscithe atá cuimsitheach, iontaofa agus tráthúil bunriachtanach le haghaidh staidreamh ardcháilíochta. Cabhraíonn siad sin le rialtais feabhas a chur ar an tuiscint atá acu ar a seasamh fioscach agus ar a n-ionchais fhioscacha. Ina theannta sin, cuireann siad ar fáil do reachtóirí, do mhargaí agus do shaoránaigh an fhaisnéis a theastaíonn uathu chun cinntí éifeachtúla airgeadais a dhéanamh. Cuidíonn an Coimisiún leis na Ballstáit a gcórais tuairiscithe fhioscaigh a nuachóiriú. Cuireann sé tacaíocht theicniúil ar fáil chun athchóirithe cuntasaíochta fabhraithe a cheapadh agus a chur chun feidhme i gcomhréir le Caighdeáin Eorpacha Chuntasaíochta na hEarnála Poiblí agus chun cáilíocht na gcuntas náisiúnta a fheabhsú.

SAMPLAÍ DEN TACAÍOCHT

  • Tacú le ceapadh agus cur chun feidhme athchóirithe cuntasaíochta fabhraithe.
  • Cáilíocht na gcuntas náisiúnta a fheabhsú.

Creat macraifhioscach

Le creat macraifhioscach fónta beidh riaracháin phoiblí in ann spriocanna fioscacha inbhuanaithe a shocrú, roghanna beartais a chinneadh, agus réamh-mheastacháin réalaíocha ar chaiteachas a ullmhú. Cuidíonn an Coimisiún leis na húdaráis náisiúnta a gcreat macraifhioscach a neartú. Cuireann sé tacaíocht theicniúil ar fáil chun feabhas a chur ar cheapadh agus ar chur chun feidhme rialacha fioscacha, chun feabhas a chur ar cháilíocht na réamhaisnéisí macraifhioscacha, chun creataí bainistithe rioscaí fioscacha a fhorbairt agus chun meastóireacht a dhéanamh ar airgeadas rialtais áitiúil.

SAMPLAÍ DEN TACAÍOCHT

  • Acmhainneacht a chothú i dtaca le measúnú agus bainistiú rioscaí fioscacha.
  • Feabhas a chur ar cháilíocht na réamhaisnéisí maicreacnamaíocha agus fioscacha.
  • Tacú le rialacha caiteachais a cheapadh agus a chur chun feidhme.
  • Feabhas a chur ar chleachtais maidir le meastóireacht a dhéanamh ar chaiteachas poiblí an rialtais áitiúil.

Formhaoirseacht ar airgeadas poiblí

institiúidí neamhspleácha fioscacha agus uasfhorais iniúchóireachta ríthábhachtach chun an fhreagracht fhioscach a chur chun cinn agus chun feabhas a chur ar cháilíocht na díospóireachta faoin mbeartas fioscach. Déanann siad amhlaidh trí ghrinnscrúdú neamhspleách a chur ar fáil ar bheartais, pleananna agus feidhmíocht fhioscach. Cuidíonn an Coimisiún leis na hinstitiúidí sin a n-acmhainneacht institiúideach agus theicniúil a neartú agus feabhas a chur ar an tacar ionstraimí atá ar fáil chun a sainordú a chur i gcrích.

SAMPLAÍ DEN TACAÍOCHT

  • Feabhas a chur ar acmhainneacht institiúideach agus theicniúil na n-institiúidí neamhspleácha fioscacha.
  • Acmhainneacht na n-uasfhoras iniúchóireachta a neartú.

Bainistiú fiach agus airgid

Le cleachtais éifeachtacha bainistithe fiach agus airgid cinntítear go maoinítear caiteachas go réidh i rith na bliana, go gcomhlíontar cuspóirí beartais agus go gcomhlíontar riachtanais agus oibleagáidí maoinithe an rialtais ar an gcostas is ísle is féidir. Cuidíonn an Coimisiún leis na húdaráis náisiúnta feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht a n-oibríochtaí bainistithe airgid agus fiach.

SAMPLAÍ DEN TACAÍOCHT

  • Próisis agus uirlisí bainistithe airgid a bharrfheabhsú.
  • Oibríochtaí bainistithe fiach a neartú.

Sonraí teagmhála

Ceann an Aonaid Riaracháin ioncaim agus bainistíochta airgeadais phoiblí

RIIKKA TORPPA

An príomhphointe teagmhála chun iarratas a dhéanamh ar an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil

reform-tsiatec [dot] europa [dot] eu (REFORM-TSI[at]ec[dot]europa[dot]eu)

Tuilleadh eolais ar an obair a bhaineann le riarachán ioncaim agus le bainistíocht airgeadais phoiblí

REFORM-TAX-PFMatec [dot] europa [dot] eu (REFORM-TAX-PFM[at]ec[dot]europa[dot]eu)

Tuilleadh eolais