Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Reform Support

An riarachán poiblí agus an rialachas

Rialachas stáit agus ceapadh beartas níos fearr

Mar chuid de thacaíocht theicniúil an Choimisiúin, díreofar go háirithe ar fheidhmíocht an riaracháin phoiblí a fheabhsú. Ionas go ndéanfar tír a bhainistiú go fónta, is den réamhriachtanas é riarachán éifeachtach, sofhreagrúil agus éifeachtúil a bheith ann, rud a spreagann an fás go mór.

Riarachán poiblí atá ag feidhmiú go maith, cuireann sé ardán iontaofa ar fáil le haghaidh fhorbairt na ngnólachtaí, agus cinntíonn sé go mbíonn seirbhísí den scoth ar fáil ag saoránaigh agus ag gairmithe. Mealltar infheistíocht dá réir sin. Is uirlis lárnach é chun struchtúr a chur ar obair an rialtais agus treoirlínte polaitiúla a fhíorú.

SAMPLAÍ DEN TACAÍOCHT

  • Comhordú idir-aireachta a chinntiú chun go gcuirfear feabhas ar an idirphlé idir seirbhísí an rialtais maidir le dearadh agus cur i bhfeidhm beartas poiblí.
  • Feabhas a chur ar struchtúir agus ar phróisis chun dearadh fónta beartas poiblí a chinntiú, bunaithe ar fhianaise agus ar anailís.
  • Dlíthe a chódú agus a phleanáil chun dearadh fónta an chreata dhlíthiúil a chinntiú.
  • Maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na n-athchóirithe trí chóras láidir rialachais agus monatóireachta a dhearadh.
Flag of Greece with sky

Chuir an Coimisiún tacaíocht ar fáil do chomhlachtaí rialachais agus d’eintitis phoiblí chun comhordú idir-aireachta a fheabhsú, rud a rinne sé trí nósanna imeachta a shoiléiriú, agus trí chur leis an trédhearcacht trí lámhleabhar comhordaithe idir-aireachta.

Éifeachtúlacht an stáit ó thaobh eagrúcháin agus soláthair seirbhíse de

Le haghaidh athchóirithe a chur i bhfeidhm, is den riachtanas é rialachas stáit atá láidir agus éifeachtach a bheith ann, agus is gné lárnach den riarachán stáit í bainistiú an athchóirithe. Is minic gur gá an stiúradh, an comhordú agus an phleanáil i gcroílár an rialtais a neartú chun bainistíocht phoiblí éifeachtach a chinntiú. Fágann feabhsuithe den sórt sin gur féidir monatóireacht éifeachtach a dhéanamh ar na hathchóirithe agus fadhbanna straitéiseacha a shainaithint go luath. Cuidíonn an Coimisiún le Ballstáit an Aontais rialachas den sórt sin a fhorbairt ar leibhéal straitéiseach agus ar leibhéal teicniúil araon.

SAMPLAÍ DEN TACAÍOCHT

  • Cleachtais riaracháin a chur i bhfeidhm, cleachtais atá bunaithe ar chineálacha cur chuige atá nua-aimseartha úsáideoir-lárnach, ar nós imeachtaí saoil agus mapáil aistear an chustaiméara.
  • Straitéisí simplithe riaracháin a dhearadh agus a chur i bhfeidhm, agus gníomhú chun an rómhaorlathas a laghdú le haghaidh na saoránach agus na ngnólachtaí.
  • Athbhreithnithe feidhmiúla a chur i bhfeidhm a chuireann ar chumas na mBallstát anailís a dhéanamh ar chodanna móra dá gcuid beartas poiblí chun an éifeachtúlacht agus an éifeachtacht a fheabhsú.
Flag of Latvia with sky

I gcomhthéacs Phlean 2020 na Laitvia le haghaidh Athchóiriú ar an Riarachán Poiblí, thacaigh an Coimisiún le hatheagrú na hearnála inmheánaí, atheagrú ar a gcaitear an sciar is mó de bhuiséad stáit na Laitvia.

Riarachán poiblí na hEorpa

Le claochlú digiteach na n-údarás riarachán poiblí féadfar seirbhísí a chur ar fáil atá níos gasta, níos saoire agus níos fearr. Leis an ríomhrialtas cuirtear feabhas ar an éifeachtúlacht agus cuirtear leis an bhfusacht úsáide agus an inrochtaineacht. Cuidíonn sé le cleachtais eiticiúla a chur chun cinn agus laghdaíonn sé an baol éillithe.

Is é cur i bhfeidhm ríomhrialachais fhónta is croílár d'fhorbairt an ríomhrialtais. A luaithe atá comhlachtaí cinnteoireachta agus maoirseachta ann, is féidir le Ballstáit an Aontais a gcuid straitéisí, a gcuid ollstruchtúr agus a gcuid creat a shainmhíniú, agus leanúint ar aghaidh lena gcur i bhfeidhm. Tá gné láidir idir-aireachta ag baint leis an ríomhrialtas, mar go dteastaíonn simpliú foriomlán ar na próisis riaracháin i seirbhísí éagsúla ionas go bhfreastalóidh an ríomhrialtas ar riachtanais na saoránach.

SAMPLAÍ DEN TACAÍOCHT

  • Cuidiú le húdaráis riaracháin leas a bhaint as teicneolaíochtaí nua digiteacha chun an easpa idir-inoibritheachta sna córais TF a shárú.
  • Feabhas a chur ar sheirbhísí a sholáthraíonn údaráis riaracháin Bhallstáit an Aontais do shaoránaigh, do chuideachtaí agus d'údaráis eile riaracháin trí theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a úsáid, an intleacht shaorga, cuir i gcás.
  • Córais ríomhrialachais a dhearadh agus na creata cearta bainistíochta a chur i bhfeidhm.
Flag of Italy with sky

Is í an Stiúrthóireacht um Chórais TF agus an Nuálaíocht d’Aireacht Gheilleagair agus Airgeadais na hIodáile atá freagrach as an gclaochlú digiteach, as an nuálaíocht a chur chun cinn agus as córais TF a sholáthar.

Córais bhreithiúnacha

Tá ról ríthábhachtach ag córais éifeachtacha bhreithiúnacha maidir leis an smacht reachta agus bunluachanna an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm. Ina theannta sin, ar mhaithe le timpeallacht atá fabhrach don infheistíocht agus don lucht gnó, is tábhachtach an ghné struchtúrach iad na córais sin. Dá bhrí sin, tosaíocht de chuid an Aontais is ea éifeachtacht na gcóras breithiúnach náisiúnta a fheabhsú.

Tá Ballstáit an Aontais ag tabhairt faoi athchóirithe chun a gcórais bhreithiúnacha a dhéanamh níos éifeachtaí. Cuireann an Coimisiún tacaíocht phraiticiúil ar fáil chun feabhas a chur ar acmhainneacht na n-institiúidí náisiúnta athchóirithe a chur i bhfeidhm in earnáil an cheartais. Ina theannta sin éascaíonn an Coimisiún malartú dea-chleachtas idir na Ballstáit.

SAMPLAÍ DEN TACAÍOCHT

  • Fad na n-imeachtaí cúirte a laghdú, an ráta réitigh a fheabhsú ó thaobh cásanna atá ar feitheamh de, agus forghníomhú na mbreithiúnas a neartú.
  • Rochtain ar an gceartas a fheabhsú, uirlisí measúnaithe a fheabhsú (e.g. córais teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide le haghaidh bainistiú cásanna nó staidreamh cúirte) agus caighdeáin a thabhairt isteach le haghaidh thráthúlacht agus chaighdeán na mbreithiúnas.
  • Tacú le neamhspleáchas na gcóras breithiúnach trí fheabhas a chur ar nósanna imeachta maidir le breithimh agus ionchúisitheoirí a cheapadh, le hardú céime a thabhairt dóibh agus le measúnú a dhéanamh orthu.
  • Athdhearadh shannadh na cásanna sna cúirteanna.

Timpeallacht rialúcháin agus an comhrac i gcoinne an éillithe

Is leis na meonta agus na luachanna in uachtar an riaracháin a thosaíonn cúrsaí eitice sa saol poiblí ar an gcéad dul síos. Ar an gcéad ásc, is leis an rialtas féin a bhaineann sé agus leis na bainisteoirí ar an leibhéal is airde a roghnaítear leis an riarachán a stiúradh. Mar sin féin, baineann na caighdeáin iompair eiticiúil le gach oifigeach.

Tacaíonn an Coimisiún leis na Ballstáit chun trédhearcacht agus cuntasacht a dhaingniú ina gcuid cleachtas riaracháin. Cuireann sé tacaíocht theicniúil phraiticiúil ar fáil le haghaidh dearadh agus cur i bhfeidhm treoirlínte eitice, agus straitéisí agus beartais i gcoinne an éillithe agus na calaoise. Cuirtear tacaíocht ar fáil ag gach céim de dhearadh agus de chur i bhfeidhm an athchóirithe.

SAMPLAÍ DEN TACAÍOCHT

  • Dearadh agus cur i bhfeidhm straitéisí agus pleananna gnímh i gcoinne an éillithe agus na calaoise, lena n-áirítear táscairí a shainiú chun an dul chun cinn a thomhas.
  • Treoirlínte eitice a dhréachtú (e.g. maidir le coimhlintí leasa nó bearta araíonachta) chun sláine an riaracháin phoiblí a neartú.
  • Córais, straitéisí agus modheolaíochtaí um rialú inmheánach agus um iniúchadh inmheánach a dhearadh chun treisiú leis an timpeallacht rialaithe sna comhlachtaí poiblí.
  • Struchtúir, caighdeáin agus córais um sholáthar a fhorbairt agus a nuachóiriú chun bainistiú fónta an bhuiséid náisiúnta agus chistí an Aontais a chinntiú.
Flag of Greece with sky

Chuir an Coimisiún tacaíocht theicniúil ar fáil chun acmhainneacht na n-údarás forghníomhaithe dlí sa Ghréig a neartú le haghaidh an t-éilliú a chosc agus a chomhrac trí oiliúint agus trí acmhainní inbhuanaithe oiliúna.

Flag of Romania with sky

Tá an Coimisiún ag tacú le húdaráis náisiúnta agus iad ag iarraidh na córais phoiblí náisiúnta le haghaidh an iniúchta inmheánaigh a neartú sa Rómáin, rud atá sé a dhéanamh trí thacaíocht a chur ar fáil don údarás riaracháin náisiúnta atá i gceannas ar an iniúchadh inmheánach poiblí.

Acmhainní daonna

Cuireann srianta buiséadacha brú ar na státseirbhísí úsáid éifeachtach a bhaint as acmhainní tearca. Ag an am céanna, ní mór do thíortha freagairt do riachtanais na saoránach de réir mar a thagann athrú ar na riachtanais sin. Dá bhrí sin, iarrtar ar údaráis riaracháin an Aontais feabhas a chur ar an bpleanáil maidir leis an lucht saothair agus córais acmhainní daonna (AD) a chur ar bun, córais lena gcuirfí deiseanna ar fáil i dtaca leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus an fhorbairt ghairme.

Sa chomhthéacs sin, is gnéithe ríthábhachtacha iad na straitéisí gairmiúla AD ionas go meallfar na fostaithe is inniúla. Níos mó ná riamh, is gné lárnach iad na huirlisí forbartha AD chun riarachán poiblí ardchaighdeáin a fhorbairt agus fás eacnamaíoch a chothú.

SAMPLAÍ DEN TACAÍOCHT

  • Próisis agus nósanna imeachta a shainmhíniú chun roghnú na mbainisteoirí ar an leibhéal is airde a dhípholaitiú agus a ghairmiúlú.
  • Dea-chleachtais a dhearadh chun soghluaisteacht inmheánach na mball foirne a chinntiú.
  • Córais a chur i bhfeidhm le haghaidh measúnú ar fheidhmíocht na státseirbhíseach, córais a bhfuil athbhreithnithe ar chórais bhreithmheasa san áireamh iontu.
  • Próiseas pleanála maidir leis an lucht saothair a dhearadh sa riarachán poiblí chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais ó thaobh acmhainní daonna de a bheidh ann amach anseo.
  • Gníomhartha maidir le bainistiú athruithe a chur i bhfeidhm, forbairt agus cur i bhfeidhm straitéisí eagraíochtúla ina measc.
Flag of Ireland with sky

Thacaigh an tionscadal seo leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus í ag iarraidh bainistiú straitéiseach acmhainní daonna a thabhairt isteach i státseirbhís na hÉireann.

Bainistiú mhaoiniú an Aontais

Tá moill ar roinnt Ballstát maidir le cur i bhfeidhm maoinithe ón Aontas, go háirithe Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIE). Is é is cúis leis sin go minic ná struchtúir riaracháin atá lag, clársceidealú agus acmhainneacht bainistíochta atá neamhleor, agus scileanna deartha tionscadail atá teoranta.

Tacaíonn Ard-Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach le Ballstáit an Aontais maidir le cur lena n-acmhainneacht na cláir oibríochta CSIE a chlársceidealú, a bhainistiú agus a chur i bhfeidhm.

SAMPLAÍ DEN TACAÍOCHT

  • Moltaí a dhréachtú le haghaidh tosaíochtaí beartais agus forbartha, speisialtóireacht réigiúnach san áireamh.
  • Treoirlínte a dhréachtú chun cláir oibríochtúla níos éifeachtaí a dhearadh lena ndírítear ar infheistíochtaí forbartha críochacha.
  • Measúnú a dhéanamh ar éiceachóras rialachais CSIE agus moltaí a thabhairt chun é a shimpliú agus chun cur lena éifeachtúla atá sé.
  • Moltaí a dhréachtú chun feabhas a chur ar scileanna deartha tionscadail le haghaidh tionscadail bonneagair.
  • Gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta a sholáthar ar an leibhéal náisiúnta, an leibhéal réigiúnach agus an leibhéal áitiúil in éineacht le príomhpháirtithe leasmhara, saineolaithe idirnáisiúnta agus ionadaithe ó na Ballstáit eile chun idirphlé beartais a spreagadh agus aischothú a fháil ó phiaraí.

Sonraí teagmhála

Ceann Aonaid, An Rialachas agus An Riarachán Poiblí

DANIELE DOTTO

An príomhphointe teagmhála maidir le hiarratas a chur isteach ar an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil

REFORM-TSIatec [dot] europa [dot] eu (REFORM-SRSP[at]ec[dot]europa[dot]eu)

Sonraí breise maidir leis an obair a bhaineann leis an rialachas agus an riarachán poiblí

REFORM-B2atec [dot] europa [dot] eu (REFORM-B2[at]ec[dot]europa[dot]eu).

Tuilleadh eolais