Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Reform Support

An t-aistriú glas

Gníomhaíocht ar son na haeráide agus laghdú astaíochtaí

Tá gníomhaíochtaí ar son na haeráide i gcroílár an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Tá fianaise dhaingean ann cheana féin go bhfuil an tAontas tiomnaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus, san am céanna, fás eacnamaíoch a choinneáil ar bun. Is gá níos mó a dhéanamh sna blianta amach romhainn. Leag an tAontas amach a spriocanna le bheith aeráidneodrach faoi 2050 agus chun é sin a bhaint amach is gá do na Ballstáit go léir tacar comhleanúnach beartas aeráide a chur chun feidhme.

Tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, cuidíonn an Coimisiún leis na húdaráis náisiúnta athchóirithe a dhearadh agus a chur chun feidhme a thacaíonn lena n-uaillmhianta aeráide.

 

SAMPLAÍ DEN TACAÍOCHT

  • Beartas aeráide a fhorbairt, comhairle maidir le straitéisí aeráide agus pleananna gníomhaíochta ina measc, chomh maith le tacaíocht chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a shamhaltú.
  • Tacú le húsáid talún agus le bainistiú foraoisí, cuir i gcás pleanáil uirbeach, cathracha cliste agus cuntasaíocht agus fardal maidir le foraoisí.
  • Cosaint an chósta a threisiú chomh maith le bainistiú riosca i ndáil le tuilte agus creimeadh an chósta.
  • Réitigh atá dírithe ar an nádúr a fhorbairt chun dul i ngleic le tonnta teasa, triomach, tuilte agus droch-cháilíocht an aeir i gceantair uirbeacha.
  • Ionstraimí maoiniúcháin a chur chun feidhme faoi chóras trádála astaíochtaí an Aontais.
  • Tacú le córais leictreachais a dhícharbónú, margaí atá oiriúnach d’fhuinneamh in-athnuaite agus creataí rialála a dhearadh ina measc.
  • Scéimeanna tacaíochta margadh-bhunaithe a fhorbairt le haghaidh infheistíochtaí i bhfuinneamh in-athnuaite agus san éifeachtúlacht fuinnimh.
  • Pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide a fhorbairt, samhaltú anailíseach agus fuinnimh ina measc.
  • Measúnú a dhéanamh ar bheartais maidir le córais fhuinneamhéifeachtúla téimh agus fuaraithe.
  • Infheistíochtaí a mhéadú in éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh.
  • Beartais a shainiú maidir le hiompar/soghluaisteacht inbhuanaithe agus breoslaí malartacha.
  • Iompar ar uiscebhealaí intíre agus iarnróid ardluais a threisiú.

Aistriú cóir

Ní mór do Bhallstáit, réigiúin agus earnálacha uile an Aontais cur leis an aistriú i dtreo geilleagar aeráidneodrach. Mar sin féin, ní mar a chéile scála an dúshláin i gcás gach ceann acu. Na réigiúin a bhraitheann ar bhreoslaí iontaise agus na tionscail diancharbóin, is iadsan is mó a bheidh thíos leis agus beidh claochlú mór eacnamaíoch, comhshaoil agus sóisialta i ndán dóibh.

Tá an Coimisiún Eorpach ag cuidiú leis na Ballstáit acmhainní a shlógadh agus bearta a dhéanamh chun tacaíocht spriocdhírithe a chinntiú do na réigiúin agus na hearnálacha is mó a dhéanann an t-aistriú sin difear dóibh. Tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, tá AS REFORM ag tacú freisin le 17 mBallstát a bpleananna críochacha um aistriú cóir a ullmhú. Beidh ar gach Ballstát a phlean féin a chur le chéile chun rochtain a fháil ar mhaoiniú ón Sásra um Aistriú Cóir.

 

SAMPLAÍ DEN TACAÍOCHT

  • Measúnú a dhéanamh ar dhúshláin agus ar riachtanais a bhaineann leis an aistriú.
  • Plean gníomhaíochta a ullmhú ina bhfuil treochlár leis na bearta is gá a dhéanamh i dtaca leis an aistriú chuig geilleagar aeráidneodrach.
  • Tacú le comhairliúcháin le páirtithe leasmhara chun teacht ar chomhaontú maidir le conas an t-aistriú a dhéanamh chuig geilleagar aeráidneodrach.
  • Sásraí rialachais a mholadh chun an t-aistriú a chur chun feidhme.

 

Forbairt inbhuanaithe

Tá an tAontas lántiomanta a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe a chur chun feidhme, in éineacht leis na Ballstáit. Na 17 sprioc forbartha inbhuanaithe (SDGanna), baineann siad le feabhas a chur ar shaol na ndaoine agus an pláinéad a chosaint ar an díghrádú chun go mbeidh sé in ann tacú leis na riachtanais atá ann faoi láthair mar aon le riachtanais na nglúnta atá le teacht. Ó 2020, tá treisiú déanta ag an gCoimisiún ar an anailís agus ar an monatóireacht a dhéanann sé ar bhaint amach na spriocanna forbartha inbhuanaithe mar chuid de phróiseas an tSeimeastair Eorpaigh. San am céanna, tá príomhshruthú á dhéanamh ag na Ballstáit ar SDGanna sa phróiseas ceaptha beartas, sin agus tá beartais spriocdhírithe á bhforbairt acu le dul i dtreo forbairt atá níos inbhuanaithe.

 

SAMPLAÍ DEN TACAÍOCHT

  • Straitéis um fhorbairt inbhuanaithe a fhorbairt do 2050.
  • Plean gníomhaíochta a fhorbairt chun folláine na ndaoine ar a bhfuil cónaí i gceantair iargúlta a fheabhsú agus cobhsaíocht eacnamaíoch na gceantar féin a chinntiú.
  • An straitéis um fhorbairt inbhuanaithe a chur chun feidhme lena ndéantar na SDGanna a phríomhshruthú sa phróiseas déanta cinntí ar gach leibhéal den rialtas.

 

Fuinneamh

Tá sé ríthábhachtach an córas fuinnimh a dhícharbónú chun spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach in 2030 agus in 2050. San am céanna, ní mór d’fhuinneamh a bheith slán agus inacmhainne do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí. Chun go mbeifí in ann é sin a chinntiú, ní mór do na Ballstáit claochlú a dhéanamh ar an gcóras fuinnimh chuig margadh fuinnimh an Aontais atá comhtháite ina iomláine, digiteach agus iomaíoch, ar margadh é a bheidh bunaithe go mór ar fhoinsí in-athnuaite. Sa bhreis ar athchóirithe rialála, ní mór do na Ballstáit a bheith in ann infheistíochtaí breise san fhuinneamh glan agus san éifeachtúlacht fuinnimh a chumasú agus a chur chun cinn.

 

SAMPLAÍ DEN TACAÍOCHT

  • An creat reachtach agus rialála a oiriúnú chun sciartha fuinnimh in-athnuaite a mhéadú.
  • Bearta beartais a shainiú chun éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn.
  • Margaí leictreachais iomaíocha a dhearadh.
  • Bacainní ar mhaoiniú a bhaint agus freastal a dhéanamh ar mhargaí fuinnimh ghlain.
  • Tacú le pleanáil straitéiseach trí shamhaltú agus anailís fuinnimh.

Iompar agus soghluaisteacht

A bhuí leis an iompar, is féidir le daoine, seirbhísí agus earraí gluaiseacht faoi shaoirse san Aontas Eorpach. Is bunchloch é do lánpháirtiú an Aontais lena nasctar le chéile daoine as réigiúin agus tíortha éagsúla, sin agus cuireann sé go mór leis an ngeilleagar. Tá méadú ag teacht go fóill ar an éileamh atá ar iompar de réir mar a dhéantar geilleagair a chomhtháthú a thuilleadh. Eascraíonn deiseanna mar aon le dúshláin nua as sin. Go háirithe, is é an t-iompar is cúis le beagnach aon cheathrú d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais agus tá sé ar na príomhchúiseanna le truailliú an aeir i gcathracha. Tá na Ballstáit ag féachaint ar bhealaí chun réitigh iompair atá cliste inbhuanaithe éifeachtúil a fhorbairt. Chun é sin a dhéanamh, is gá úsáideoirí a chur chun tosaigh agus roghanna atá níos inacmhainne, níos inrochtana, níos sláintiúla agus níos glaise a chur ar fáil dóibh.

 

SAMPLAÍ DEN TACAÍOCHT

  • Anailís a dhéanamh ar bheartais, ionstraimí eacnamaíocha agus creataí dlíthiúla.
  • Anailísí costais is tairbhe a dhéanamh.
  • Samhaltú a fhorbairt maidir le cásanna agus tionchair infheistíochta.
  • Moltaí beartas, pleananna gníomhaíochta agus treochláir a fhorbairt.
  • Straitéisí agus pleananna cumarsáide a dhearadh.

An comhshaol agus an geilleagar ciorclach

Meastar gur mó an tionchar a bheidh ag díghrádú an chomhshaoil ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha de réir a chéile. D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le dálaí adhaimsire, tionchar a bheith aige ar shláinte an duine agus difear a dhéanamh don rochtain atá againn ar acmhainní nádúrtha. Caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, an t-aistriú a dhéanamh chuig geilleagar atá tíosach ar acmhainní agus daoine a chosaint ar bhrúnna a bhaineann leis an gcomhshaol, is príomhthosaíochtaí iad sin den Chomhaontú Glas don Eoraip. Tá athchóirithe á ndéanamh ag na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin trí forbairt bhreise a dhéanamh ar a mbeartais chomhshaoil agus a straitéisí comhshaoil.

Tacaíonn AS REFORM le húdaráis náisiúnta chun athchóirithe a dhearadh agus a chur chun feidhme lena gcuidítear chun aghaidh a thabhairt ar dhíghrádú an chomhshaoil.

SAMPLAÍ DEN TACAÍOCHT

  • Beartais bhardasacha agus náisiúnta a shainiú maidir le bainistiú dramhaíola.
  • Straitéisí agus pleananna gníomhaíochtaí a ullmhú don gheilleagar náisiúnta ciorclach.
  • Ionstraimí a chur chun feidhme chun tionscail a dhícharbónú.
  • Tacú le bainistiú uisce agus monatóireacht a dhéanamh ar sheirbhísí uisce.

Taighde agus nuálaíocht

Tá tionchar nach beag ag teicneolaíochtaí digiteacha ar ár modh maireachtála agus ar an gcaoi a ndéanaimid gnó. Is gá go mbeidh an inniúlacht ag na Ballstáit chun tairbhe a bhaint as ár sochaí atá ag éirí níos digití agus chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis sin. Chun é sin a dhéanamh, tá gá le beartais a dhearadh agus réitigh nuálacha a úsáid chun an muinín, na hinniúlachtaí agus na bealaí a thabhairt do ghnólachtaí chun go mbeidh siad in ann fás agus iad féin a dhigitiú. Tá géarghá le straitéis chórasach réamhbhreathnaitheach um thaighde agus nuálaíocht chun go mbeidh geilleagar táirgiúil glas againn.

SAMPLAÍ DEN TACAÍOCHT

  • Comhar a threisiú idir gnólachtaí agus an eolaíocht chun feabhas a chur ar bheartais nuálaíochta a chur chun feidhme.
  • Aghaidh a thabhairt ar ghanntanais acmhainneachta in institiúidí taighde, go háirithe trí eolas agus dea-chleachtais a chomhroinnt.
  • Feidhmíocht nuálach fiontar beag agus meánmhéide a mhéadú.

Maoiniú poiblí agus príobháideach a dhéanamh glas

Chun uaillmhian an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach, tá gá le hinfheistíochtaí suntasacha. Beidh ról lárnach ag an earnáil phríobháideach maidir leis an aistriú glas a mhaoiniú. Chuige sin, tá gá le straitéisí comhsheasmhacha, creataí rialála nuálacha agus ionstraimí cliste. Beidh ról lárnach freisin ag rialtais náisiúnta maidir leis an aistriú a mhaoiniú trí na comharthaí cearta maidir le praghas a sheoladh agus caiteachas poiblí a atreorú i dtreo beartais inbhuanaithe. Ní mór dóibh freisin éileamh a spreagadh ar níos mó earraí agus seirbhísí inbhuanaithe trí sholáthar poiblí glas agus lorg carbóin seirbhísí poiblí a laghdú. Le creat rialála daingean, cinnteofar go mbeidh cinnteoirí freagrach do na glúnta atá le teacht.

Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, tá AS REFORM ag tacú leis na Ballstáit sna réimsí seo a leanas:

  • buiséadú glas agus cánachas comhshaoil;
  • soláthar glas;
  • maoiniú agus infheistíochtaí inbhuanaithe.

SAMPLAÍ DEN TACAÍOCHT

  • Infheistíochtaí glasa poiblí a neartú.
  • Athbhreithnithe ar chaiteachas agus ar chaiteachas cánach a chur chun feidhme i dtaca le beartais ghlasa agus beartais atá díobhálach (‘liath’) don chomhshaol i gcreataí buiséadacha.
  • Cánachas glas a dhearadh agus an tionchar atá aige a shamhaltú.
  • Treoirlínte an Aontais a chur chun feidhme maidir le buiséadú glas.
  • Plean gníomhaíochta maoiniúcháin inbhuanaithe a fhorbairt do na Ballstáit agus d’institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh.
  • Creataí a chur chun feidhme maidir le bannaí glasa ceannasacha.

Sonraí teagmhála

Lárphointe teagmhála chun iarratas a dhéanamh ar an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil

Tuilleadh eolais