Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Reform Support

Iomaíochas

Infheistíocht choigríche agus trádáil eachtrach

Is príomhthoisc a chuireann leis an rathúnas é infheistíocht choigríche agus trádáil eachtrach i dtaca le hearraí agus seirbhísí, laistigh den Aontas agus le tíortha nach den Aontas iad. Cé gurb é an tAontas Eorpach an ceannródaí domhanda maidir le trádáil, tá roinnt Ballstát chun deiridh i dtaca le comhtháthú trádála agus le hinfheistíocht dhíreach choigríche a mhealladh. Féadfaidh na Ballstáit gníomhú chun tairbhe bhreise a bhaint as an margadh aonair agus na slabhraí luacha idirnáisiúnta chun tacú le téarnamh eacnamaíoch agus chun borradh a chur faoi phoist agus faoin bhfás.

Samplaí den tacaíocht

  • Réitigh dhigiteacha de chuid an ionaid ilfhreastail a dhearadh le haghaidh trádálaithe a bhíonn ag idirghníomhú leis na húdaráis.
  • Straitéisí idirnáisiúnaithe a fhorbairt le haghaidh réigiúin atá tite ar gcúl chun go mbeidh siad in ann tairbhe a bhaint as an domhandú.
  • Anailís a dhéanamh ar thimpeallacht rialála na mBallstát, bacainní agus nithe a spreagann infheistíocht dhíreach choigríche agus trádáil a shainaithint, agus borradh a chur faoi acmhainneacht riaracháin chun infheistíocht a mhealladh agus borradh a chur faoin trádáil.
  • Plean gníomhaíochta a fhorbairt chun an intleacht shaorga a thabhairt isteach le haghaidh gníomhaireachtaí infheistíochta agus trádála.

Rialáil níos fearr, ceadúnú agus cigireachtaí

An rómhaorlathas agus nósanna imeachta fadálacha, cuireann siad le costas agus éiginnteacht an ghnó. Is éard atá i gceist le rialáil níos fearr beartais agus reachtaíocht náisiúnta a dhearadh agus meastóireacht a dhéanamh orthu go trédhearcach le fianaise agus beartais a fhorbairt trí thuairimí na saoránach, na ngnólachtaí agus páirtithe leasmhara eile a chur san áireamh. Is é is aidhm dó maorlathas a laghdú do ghnólachtaí, trí shimpliú a gcuid reachtaíochta maidir le ceadúnú infheistíochta agus trí shásraí imscrúdaithe cuíchóirithe rioscabhunaithe a thabhairt isteach, i measc nithe eile.

Samplaí den tacaíocht

  • Reachtaíocht agus sásraí rialála a athbhreithniú, a shimpliú agus a chuíchóiriú.
  • Tacú le timpeallacht rialála a bhunú le haghaidh samhlacha gnó casta nuálacha.
  • Fothú acmhainneachta a chur ar fáil d’údaráis.
  • Plean gníomhaíochta a ullmhú, ina bhfuil treochlár i dtaca le bearta.
  • Athruithe institiúideacha agus struchtúir nua rialachais a mholadh.
Flag of Portugal with sky

Measúnú tionchair rialála a neartú sa Phortaingéil

Thacaigh an Coimisiún le hiarrachtaí na Portaingéile feabhas a chur ar an gcaoi a n-ullmhaítear an reachtaíocht trína córas measúnaithe tionchair rialála a neartú. Trí mheasúnú níos fearr a dhéanamh ar thionchar dlíthe nua, is ceart go gcuirfear feabhas ar an timpeallacht ghnó agus borradh faoin infheistíocht.

Fiontair bheaga agus mheánmhéide agus earnálacha eile

Chun téarnamh inbhuanaithe a bhaint amach, tá sé tábhachtach gníomhaíocht eacnamaíoch a atosú ar fud na n-earnálacha eacnamaíocha. Bíonn ról lárnach ag fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) i gcreat eacnamaíoch an Aontais, nó is iad a chuireann dhá phost as gach trí phost ar fáil. In 2020 ghlac an Coimisiún Eorpach straitéis tiomanta maidir le FBManna, a bhfuil sé mar aidhm aici an rómhaorlathas a laghdú agus cuidiú le FBManna gnó a dhéanamh ar fud an mhargaidh aonair agus níos faide i gcéin. A bhuí le beartais shaincheaptha i bpríomhearnálacha eacnamaíocha amhail an turasóireacht, cuirfear deiseanna ar fáil do na Ballstáit chun poist a chruthú agus forbairt réigiúnach a dhéanamh.

Samplaí den tacaíocht

  • FBManna agus straitéisí fáis réigiúnacha a fhorbairt.
  • Caighdeáin bhainistíochta a fheabhsú in FBManna.
  • Sásraí maoinithe agus uirlisí a dhearadh chun éiceachóras a fhorbairt do ghnólachtaí agus chun FBMAnna a dhigitiú.
  • Plean gníomhaíochta a ullmhú chun tacú le tionscail chruthaitheacha.
  • Bainistíocht ceann scríbe níos fearr a chur chun cinn i réimse na turasóireachta.

Iomaíocht agus beartas tomhaltóirí

I ngeilleagar níos domhandaithe agus níos digitithe ina ndéantar líon mór idirbheart ar líne nó trí algartaim phraghsála, bíonn sé dúshlánach ag údaráis iomaíochta agus cosanta tomhaltóirí a ndualgais a chur i gcrích ar mhodhanna traidisiúnta. Mar fhreagairt air sin, tá cláir shaincheaptha maidir le fothú acmhainneachta á lorg ag na Ballstáit i dtaca leis na teicnící is forbartha ó thaobh faireachais mhargaidh, cleachtas imscrúdaithe, measúnaithe ex post agus measúnaithe tionchair de. Tá siad ag iarraidh freisin dlús a chur lena n-iarrachtaí monatóireacht éifeachtach a dhéanamh ar dheonú Státchabhrach agus meastóireacht a dhéanamh ar an tionchar atá aige ar tháirgiúlacht, ar iomaíocht agus ar an ngeilleagar.

Samplaí den tacaíocht

  • An córas chun sáruithe iomaíochta a bhrath a fheabhsú.
  • Úsáid éifeachtach a bhaint as uirlisí TF in imscrúduithe iomaíochta.
  • Meastóireacht a dhéanamh ar chinntí a bhaineann le hiomaíocht agus le cosaint tomhaltóirí agus moltaí a dhéanamh.
  • Measúnú tionchair a dhéanamh ar scéimeanna Státchabhrach.
  • Feidhmiúlachtaí clárlanna státchabhrach a fheabhsú.

Geilleagar digiteach, taighde agus nuálaíocht

Tá tionchar nach beag ag teicneolaíochtaí digiteacha ar ár modh maireachtála agus ar an gcaoi a ndéanaimid gnó. Is gá go mbeidh an inniúlacht ag na Ballstáit chun tairbhe a bhaint as ár sochaí atá ag éirí níos digití agus chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis. Chun é sin a dhéanamh, tá siad ag féachaint le beartais a dhearadh agus réitigh nuálacha a úsáid chun an mhuinín, na hinniúlachtaí agus na bealaí a thabhairt do ghnólachtaí le go mbeidh siad in ann fás agus iad féin a dhigitiú. Tá géarghá le straitéis chórasach réamhbhreathnaitheach um thaighde agus nuálaíocht chun go mbeidh geilleagar táirgiúil glas againn.

Samplaí den tacaíocht

  • Tacú leis an éiceachóras nuálaíochta ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, speisialú cliste san áireamh.
  • Uirlisí a dhearadh le haghaidh aistriú teicneolaíochta, tráchtálú taighde agus forbartha agus comhtháthú níos fearr i slabhraí luacha.
  • Tacú le haistriú digiteach gnólachtaí agus uirlisí digiteacha agus ardáin seirbhíse a fhorbairt do ghnólachtaí.
  • Comhairle a thabhairt maidir leis an mbonneagar digiteach a fheabhsú, forbairt Líonra Fíor-Ardacmhainneachta san áireamh
  • Réitigh theicniúla a mholadh agus scileanna a aistriú chun an Samhaltú Faisnéise Foirgnimh (BIM) a chur i bhfeidhm i bpleanáil agus i soláthar bonneagair phoiblí.
  • Straitéis tionscail a dhearadh chomh maith le plean gníomhaíochta chun í a chur chun feidhme agus samhail rialachais chun monatóireacht a dhéanamh uirthi.

Bainistiú infheistíochta, comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí agus fiontair faoi úinéireacht an stáit

Tá an leibhéal infheistíochta san Aontas go fóill faoi bhun an leibhéil a bhí ann roimh an ngéarchéim airgeadais. Tháinig meath eile air i ngeall ar phaindéim COVID-19. Leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta cuirtear tacaíocht airgeadais ar mhórscála ar fáil le haghaidh infheistíocht agus athchóirithe. Chun a bheith in ann úsáid iomlán a bhaint as agus borradh a chur faoin táirgiúlacht, faoin airgeadas poiblí agus faoin bhfás, tá bealaí á lorg ag na Ballstáit chun feabhas a chur ar phleanáil straitéiseach agus bainistiú a n-acmhainní poiblí agus a sócmhainní poiblí. Ina measc sin tá tionscadail infheistíochta phoiblí agus comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí fónta a dhearadh agus a chur chun feidhme chun luach ar airgead a chinntiú chomh maith le rialachas fiontar atá faoi úinéireacht an stáit a fheabhsú chun go mbeidh éifeachtúlacht níos fearr ann, chun go bhfeidhmeoidh na margaí ar bhealach níos fearr agus chun go mbeidh seirbhísí poiblí feabhsaithe ann.

Samplaí den tacaíocht

  • Neartú a dhéanamh ar chumas na n-údarás náisiúnta tionscadail infheistíochta phoiblí a roghnú agus a bhainistiú.
  • Tacú le hathchóiriú lamháltas náisiúnta/creat CPPanna agus an tsamhail bheartais CPP a fheabhsú.
  • Feabhas a chur ar chumas na n-údarás tionscadail CPP a dhearadh agus a bhainistiú.
  • Creat rialachais chorparáidigh na bhfiontar atá faoi úinéireacht an stáit a nuachóiriú i gcomhréir le dea-chleachtais idirnáisiúnta.

Sonraí teagmhála

Ceann an Aonaid Fáis agus Timpeallachta Gnó

KASPAR RICHTER

Lárphointe teagmhála chun iarratas a dhéanamh ar an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil

REFORM-TSIatec [dot] europa [dot] eu (REFORM-SRSP[at]ec[dot]europa[dot]eu)

Tuilleadh eolais faoin obair a bhaineann leis an bhfás agus leis an timpeallacht ghnó

REFORM-03atec [dot] europa [dot] eu (REFORM-03[at]ec[dot]europa[dot]eu)

Tuilleadh eolais