Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Reform Support

Cúram sláinte agus cúram fadtéarmach

Athléimneacht agus inbhuanaitheacht na gcóras sláinte a fheabhsú

Feabhas a chur ar athléimneacht agus inbhuanaitheacht na gcóras sláinte, is príomhchuspóir é sin d’athchóirithe struchtúracha sa réimse seo. Téann an Coimisiún i gcomhairle le lucht riaracháin na mBallstát, na hAireachtaí Sláinte, lucht árachais sláinte agus údaráis eile sláinte poiblí ina measc, maidir le réimse leathan ábhar. Cuireann an Coimisiún tacaíocht ar fáil chun feabhas a chur ar chórais sláinte i réimsí amhail cúram sláinte trasteorann, sláinte dhigiteach, measúnú ar theicneolaíochtaí sláinte, lucht saothair sláinte, measúnú feidhmíochta na gcóras sláinte, sásraí maoiniúcháin agus aisíocaíochta, cáilíocht an chúraim, cúram meabhairshláinte, cúram fadtéarmach, agus creata rialála chun tacú le tionscal iomaíoch cógaisíochta agus chun ganntanas táirgí cógaisíochta a laghdú.

RÉIMSÍ TACAÍOCHTA SAMPLACHA

  • Rochtain ar chúram agus cáilíocht an chúraim
  • Cúram príomhúil
  • Cúram ospidéil
  • Lucht saothair sláinte
  • Comhtháthú cúraim
  • Ganntanas táirgí cógaisíochta
  • Cúram fadtéarmach
  • Meabhairshláinte
Flag of Poland with sky

Tá tacaíocht á tabhairt ag an gCoimisiún don tSlóivéin i gceithre réimse straitéiseacha athchóirithe. An comhar idir an tSlóivéin agus an Coimisiún Eorpach maidir leis na príomhréimsí athchóirithe, tá sé sin ag éascú ullmhú agus glacadh na ndlíthe agus na rialachán.

Flag of EU with sky

Tacaíonn an Coimisiún le húdaráis sláinte na hEastóine, na Laitvia agus na Liotuáine chun feabhas a chur ar a gcórais ospidéil ionas go gcuirfear cúram sláinte ar fáil atá sábháilte, éifeachtach agus inrochtana.

Flag of EU with sky

Tacaíonn an Coimisiún le húdaráis sláinte na Cróite, na hEastóine, na hÉireann, na Laitvia, na Liotuáine, na Seicia agus na Slóivéine chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na gcóras sláinte sna tíortha sin, ionas go bhféadfar tuilleadh feabhais a chur ar éifeachtúlacht na gcóras sláinte.

Digitiú cúraim sláinte

Tá digitiú an chúraim sláinte ar cheann de na tosaíochtaí i dtaca leis na córais sláinte a athrú ó bhonn. Ba cheart rochtain shlán a bheith ag saoránaigh ar a gcuid sonraí sláinte féin, agus an rochtain sin a bheith acu ó thír go chéile. Ba cheart an chumhacht a thabhairt do shaoránaigh uirlisí digiteacha a úsáid chun cúram a dhéanamh den tsláinte acu, galarchosc a spreagadh, agus aischothú agus idirghníomhaíocht leis na soláthraithe cúraim sláinte a chumasú. Tá nasc idir roinnt tionscadail sláinte atá ar siúl faoi láthair ag an gCoimisiún agus digitiú na gcóras cúraim sláinte, cibé acu straitéisí náisiúnta agus múnlaí rialachais a fhorbairt, nó saincheisteanna idir-inoibritheachta a fhuascailt.

Meastar go gcuirfidh na bearta tacaíochta ar a gcumas do na húdaráis na creata straitéiseacha, creata rialachais agus creata teicniúla a leagan síos atá de dhíth chun treoir a thabhairt maidir le hathrú digiteach éifeachtúil na gcóras sláinte agus le hinfheistíochtaí i mbonneagar sláinte digiteach.

RÉIMSÍ TACAÍOCHTA SAMPLACHA

  • Sláinte dhigiteach
  • Idir-inoibritheacht
  • Rialachas digiteach
  • Teilileigheas

Tháinig dúshláin mhóra chun cinn mar gheall ar COVID-19 agus tháinig go leor laigí chun follais sna córais sláinte agus cúraim shóisialta i dtíortha ar fud an domhain.

An 15 Meán Fómhair 2020, Aireacht Sláinte na Cróite agus Ard-Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach an Choimisiúin Eorpaigh, reáchtáil siad ceardlann dar teideal Straitéisí inmharthana ríomhshláinte a fhorbairt le linn géarchéime' chun eolas a chur ar fáil ar an dóigh le straitéis sheasmhach ríomhshláinte a fhorbairt le haghaidh an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027. I láthair ag an gceardlann bhí réimse leathan de shaineolaithe ar an tsláinte dhigiteach ó aireachtaí sláinte náisiúnta, saoráidí cúraim sláinte agus aonaid faisnéisíochta.

Cuirtear i láthair sa pháipéar seo roinnt nuálaíochtaí sa ríomhshláinte a forbraíodh agus a úsáideadh ar leibhéil áitiúla agus náisiúnta mar chuidiú chun déileáil le paindéim dhomhanda COVID-19 in earrach 2020, agus cuireann sé dornán moltaí praiticiúla agus gníomhphointí ar fáil don Aontas agus do pháirtithe leasmhara náisiúnta.

An tsláinte phoiblí, galarchosc agus cur chun cinn na sláinte

Tá ról lárnach ag an tsláinte phoiblí, ag an ngalarchosc agus ag cur chun cinn na sláinte chun athléimneacht na gcóras sláinte a fheabhsú, go háirithe, ach ní hamháin, tráth géarchéime sláinte. Tá go leor galair inchoiscthe ann a d’fhéadfaí a dhiagnóisiú go luath sula mbeadh cóir leighis de dhíth ar an othar. Ba cheart go dtairbheodh saoránaigh de bheartais iomlánaíocha sláinte poiblí agus ba cheart go mbeadh rochtain acu ar sheirbhísí galarchoisc agus seirbhísí chun an tsláinte a chur chun cinn.

Meastar go gcuirfidh na bearta tacaíochta ar a gcumas do na húdaráis na creata straitéiseacha, creata rialachais agus creata teicniúla a leagan síos, chun treoir a thabhairt maidir le hathrú éifeachtúil na sláinte poiblí agus le beartais ghaolmhara a chuireann an dea-shláinte agus an galarchosc chun cinn.

RÉIMSÍ TACAÍOCHTA SAMPLACHA

  • An tsláinte phoiblí
  • Frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha
  • Galair thógálacha
  • An ghéanómaíocht
  • Scagthástáil le haghaidh ailse
Flag of Germany with sky

Tá an Coimisiún ag tacú leis an nGearmáin agus í ag iarraidh creat a leagan amach le haghaidh feidhmiú céimneach níos leithne den ghéanómaíocht mar chuid de na seirbhísí cúraim sláinte a sholáthraíonn sí, go háirithe i dtaca le hailse agus le galair neamhchoitianta.

Flag of France with sky

Tacaíonn an Coimisiún le húdaráis na Fraince agus iad ag iarraidh bearta a leagan amach agus a chur i bhfeidhm a chinntíonn go mbeidh antaibheathaigh ‘iarphaitinne’ (cógais chineálacha, de ghnáth) ar fáil le húsáid ag an duine agus in ainmhithe.

Sonraí teagmhála

An príomhphointe teagmhála le haghaidh iarratas a chur isteach ar an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil

reform-tsiatec [dot] europa [dot] eu (REFORM-TSI[at]ec[dot]europa[dot]eu)

Tuilleadh eolais