Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Reform Support

An t-aistriú digiteach

Geilleagar digiteach, taighde agus nuálaíocht

Tá tionchar nach beag ag teicneolaíochtaí digiteacha ar ár modh maireachtála agus ar an gcaoi a ndéanaimid gnó. Tá géarghá le straitéis chórasach réamhbhreathnaitheach um thaighde agus nuálaíocht chun go mbeidh geilleagar níos táirgiúla agus níos glaise againn. Is gá go mbeidh an inniúlacht ag na Ballstáit chun tairbhe a bhaint as ár sochaí atá ag éirí níos digití agus chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis. Chun é sin a dhéanamh, tá siad ag féachaint le beartais a dhearadh agus réitigh nuálacha a úsáid chun an mhuinín, na hinniúlachtaí agus na bealaí a thabhairt do ghnólachtaí le go mbeidh siad in ann fás agus iad féin a dhigitiú.

 

SAMPLAÍ DEN TACAÍOCHT

  • Straitéis tionscail a dhearadh chomh maith le plean gníomhaíochta chun í a chur chun feidhme agus samhail rialachais chun monatóireacht a dhéanamh uirthi.
  • Uirlisí a dhearadh le haghaidh aistriú teicneolaíochta, tráchtálú taighde agus forbartha agus comhtháthú níos fearr i slabhraí luacha.
  • Réitigh theicniúla agus inniúlachtaí scileanna chun earnáil na tógála a dhigitiú.
  • Tacú le próisis fionnachtana fiontraíochta, le comhar idir an lucht acadúil agus gnólachtaí agus le speisialú cliste.

Riarachán poiblí digiteach

Claochlú digiteach na riarachán poiblí, is bealach é chun seirbhísí níos tapúla, níos saoire agus níos fearr a sholáthar. Cuireann an ríomhrialtas feabhas ar éifeachtúlacht agus méadaíonn sé fusacht úsáide agus rochtain. Cuidíonn sé freisin chun cleachtais eiticiúla a chur chun cinn agus an baol éillithe a laghdú.

Baineann gné láidir idir-aireachta leis an ríomhrialtas sa mhéid is go bhfuil gá le simpliú foriomlán na bpróiseas riaracháin ar fud na seirbhísí chun freastal ar riachtanais na saoránach. Ríomhrialachas láidir a chur chun feidhme, tá ról lárnach aige i dtaca leis an ríomhrialtas a fhorbairt. A luaithe a bheidh comhlachtaí déanta cinntí agus comhlachtaí maoirseachta ar bun, is féidir leis na Ballstáit a gcuid straitéisí, a gcuid ollstruchtúr agus a gcuid creat a shainiú agus leanúint ar aghaidh chun iad a chur chun feidhme.

 

SAMPLAÍ DEN TACAÍOCHT

  • Córais dhigiteacha rialachais a dhearadh agus an creat ceart bainistíochta a chur ar bun.
  • Na seirbhísí a chuireann riaracháin Bhallstáit an Aontais ar fáil do shaoránaigh, do chuideachtaí agus do riaracháin eile a fheabhsú trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide, cuir i gcás an intleacht shaorga.
  • Cuidiú a thabhairt do riaracháin úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí nua digiteacha chun easpa idir-inoibritheachta córais teicneolaíochta agus faisnéise a shárú.
Flag of Italy with sky

Is í an Stiúrthóireacht um Chórais TF agus an Nuálaíocht d’Aireacht Gheilleagair agus Airgeadais na hIodáile atá freagrach as an gclaochlú digiteach, as an nuálaíocht a chur chun cinn agus as córais TF a sholáthar.

Cúram sláinte a dhigitiú

Cúram sláinte a dhigitiú, is é sin ceann de na tosaíochtaí atá ann i dteaca le claochlú an chórais sláinte. Ba cheart go mbeadh rochtain shábháilte ag saoránaigh ar a sonraí sláinte, thar theorainneacha san áireamh. Ba cheart saoránaigh a chumhachtú chun úsáid a bhaint as uirlisí digiteacha le haire a thabhairt dá sláinte, cosc a spreagadh agus aiseolas agus idirghníomhú a chumasú le soláthróirí cúraim sláinte. Roinnt de na tionscadail sláinte atá ar siúl sa Choimisiún faoi láthair, tá siad nasctha le digitiú na gcóras sláinte, trí straitéisí náisiúnta nó samhaltacha nua rialachais a fhorbairt nó trí fhadhbanna idir-inoibritheachta a réiteach.

Meastar go gcuirfidh na bearta tacaíochta ar chumas na n-údarás na creataí straitéiseacha, rialachais agus teicniúla a leagadh síos chun go dtabharfaidh siad treoir do chlaochlú éifeachtúil digiteach na gcóras sláinte agus infheistíochtaí i mbonneagar na sláinte digití.

SAMPLAÍ DE NA RÉIMSÍ TACAÍOCHTA

  • Sláinte dhigiteach
  • Idir-inoibritheacht
  • Rialachas digiteach
  • Teilileigheas

Údaráis chánach a dhigitiú

Cuireann an fás tapa atá ag teacht ar theicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide (TFC) dúshláin roimh údaráis chánach coinneáil suas leis na forbairtí agus na treochtaí is déanaí. Tá an digitiú ríthábhachtach chun seirbhísí níos fearr a sholáthar do cháiníocóirí, chun mórshonraí a láimhseáil agus chun rioscaí a bhrath. Tá sé tábhachtach freisin i dtaca leis an mbailiú cánach a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí. Cuireann an Coimisiún Eorpach tacaíocht theicniúil ar fáil i dtaca le hathchóirithe TFC a dhearadh agus a chur chun feidhme in údaráis chánach.

SAMPLAÍ DEN TACAÍOCHT

  • Straitéisí agus pleananna gníomhaíochta TFC a fhorbairt.
  • Rialachas agus bainistiú sonraí a neartú.
  • Creat maoiniúcháin a shainaithint le haghaidh infheistíochtaí TFC
  • Sonraíochtaí cáis ghnó agus sonraíochtaí feidhmiúla a dhréachtú

Scileanna Digiteacha, oideachas agus oiliúint

Chun todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú, tá an Coimisiún Eorpach tiomanta dul i ngleic leis an mbearna scileanna digiteacha, sin agus tionscadail agus straitéisí a chur chun cinn le feabhas a chur ar leibhéal na scileanna digiteacha san Eoraip.

Ní mór do gach uile Eorpach scileanna digiteacha a bheith acu chun staidéar, obair agus cumarsáid a dhéanamh, agus chun rochtain a fháil ar sheirbhísí poiblí ar líne agus chun teacht ar eolas iontaofa. Is spreagadh ríthábhachtach iad scileanna digiteacha i dtaca le hiomaíochas agus inniúlacht nuálaíochta an Aontais. Is gné ríthábhachtach iad freisin de chomhtháthú sóisialta agus d’fholláine phearsanta. Is éard a eascraíonn ó chlaochluithe leanúnacha digiteacha agus glasa athstruchtúrú tapa eacnamaíoch, agus chuige sin is gá do dhaoine tabhairt faoi fhoghlaim ar feadh an tsaoil. Ina theannta sin, chun na haistrithe sin a chur i gcrích, ní mór do na Ballstáit a lán-acmhainneacht scileanna agus nuálaíochta a spreagadh. Ina measc sin tá athchóirithe chun feabhas a chur ar chaighdeán na gcóras oideachais agus oiliúna.

Tacaíonn an Coimisiún Eorpach leis na Ballstáit trí shaineolas a sholáthar agus malartú dea-chleachtais a éascú i réimse na scileanna, an oideachais agus na hoiliúna.

SAMPLAÍ DEN TACAÍOCHT

  • Feabhas a chur ar chórais uas-scilithe agus ath-scilithe san oideachas aosach.
  • Oideachas digiteach agus scileanna digiteacha a chothú.
  • Feabhas a chur ar an ardoideachas, ar thaighde agus ar an nuálaíocht
  • Feabhas a chur ar an ngairmoideachas agus an ghairmoiliúint

 

Sonraí teagmhála

An príomhphointe teagmhála le haghaidh iarratas a chur isteach ar an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil

reform-tsiatec [dot] europa [dot] eu (REFORM-TSI[at]ec[dot]europa[dot]eu)

Tuilleadh eolais