Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Reform Support

An earnáil airgeadais agus rochtain ar mhaoiniú

Bainc

Tá sé tábhachtach córas baincéireachta éifeachtúil agus iontaofa a choinneáil ar bun chun fás eacnamaíoch inbhuanaithe a bhaint amach. Is iomaí ní a mhúnlaíonn timpeallacht an mhargaidh, mar shampla teicneolaíochtaí digiteacha nua, rogha shíorathraitheach an tomhaltóra, méadú ar iomaíocht agus rialacháin a athraíonn go minic. Dá bhrí sin, déanann maoirseoirí cleachtais mhaoirseachta a mheas agus a choigeartú go rialta chun spreagadh agus faireachán éifeachtúil a chinntiú in earnáil na baincéireachta. Agus an méid sin á dhéanamh acu, ní mór dóibh cothromaíocht a bhaint amach idir athléimneacht na n-institiúidí a neartú agus inbhuanaitheacht an ghnó a choinneáil.

SAMPLAÍ DEN TACAÍOCHT

  • Maoirseacht stuamachta; cur chun feidhme treoirlínte, lámhleabhair mhaoirseachta agus oiliúint an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh; forbairt samhlacha a thacaíonn le measúnú maoirseachta.
  • Bainc Forbartha Náisiúnta (NDBanna); uirlisí measúnuithe inmheánaigh a fhorbairt, feabhas a chur ar struchtúir eagrúcháin, fothú acmhainní.
  • Bonneagair bainistíochta sonraí agus bogearraí; feabhas a chur ar bhonneagar bogearraí agus anailíse agus ar shocruithe tuairiscithe stuamachta.
  • Córais íocaíochta; measúnú a dhéanamh ar bhonneagair íocaíochta, straitéisí ríomhíocaíochta a fhorbairt.
  • Iasachtaí neamhthuillmheacha; uirlisí maoirseachta a fhorbairt chun leibhéal na n-iasachtaí neamhthuillmheacha a laghdú agus cabhrú le comhlachtaí bainistithe sócmhainní.
Flag of Poland with sky

Thug an Coimisiún tacaíocht do Bhanc na Slóivéine chun dhá shamhail a fhorbairt, ceann amháin don leachtacht agus ceann eile don bhainistíocht ar an riosca a bhaineann le ráta úis taiscí neamhaibíochta, chun measúnú a dhéanamh ar bhainistíocht sócmhainní agus dliteanas an bhainc.

Gnóthais árachais agus pinsin

Tugann an Coimisiún tacaíocht do mhaoirseoirí ar fud an Aontais Eorpaigh chun codanna éagsúla den chóras rialála aitheanta le haghaidh gnóthas árachais, Sócmhainneacht II, a dhearadh agus a chur chun feidhme. Ar an gcaoi sin, cuireann sé riachtanais agus sainiúlachtaí an mhargaidh árachais áitiúil san áireamh.

Tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún cur leis an maoirseacht árachais den aicme is fearr, agus cur chun feidhme cóineasaithe a chinntiú ar fud an Aontais san am céanna. Leis na hiarrachtaí sin cuirtear leis an gcobhsaíocht airgeadais agus cuirtear feabhas ar an ról atá ag na cistí árachais agus pinsin i gcistiú inbhuanaithe ár ngeilleagair.

SAMPLAÍ DEN TACAÍOCHT

  • Feabhas a chur ar mhaoirseacht stuamachta i bpríomhréimsí mar shampla sócmhainneacht, tástáil struis agus bainistíocht riosca.
  • Fothú acmhainní i réimse na maoirseachta iompraíochta.
  • Measúnú a dhéanamh ar rioscaí atá ag teacht chun cinn, mar shampla an digitiú nó infheistíochtaí inbhuanaithe.

Margaí caipitil

Tionscnamh beartais eacnamaíoch is ea Aontas na Margaí Caipitil, a fhéachann le tuilleadh forbartha agus comhtháthaithe a dhéanamh ar mhargaí caipitil an Aontais. Is é is sprioc d’Aontas na Margaí Caipitil comhroinnt riosca idir tíortha a chur chun cinn agus a chur ar a gcumas do chuideachtaí agus do thionscadail cistiú ó fhoinsí éagsúla a fháil, is cuma cén áit a bhfuil siad san Aontas. Cuidíonn an Coimisiún leis na Ballstáit bacainní a bhíonn idir caipiteal infheisteoirí agus deiseanna infheistíochta ar an leibhéal náisiúnta a bhaint. Cuireann sé tacaíocht theicniúil ar fáil i gcomhar leis an Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil.

SAMPLAÍ DEN TACAÍOCHT

  • Mionanailís ar na bacainní atá roimh fhorbairt margaí caipitil a chur ar fáil do dhiagnóisic margaí caipitil.
  • Straitéisí ilbhliantúla a dhearadh maidir le fás margaí caipitil.
  • Bonneagair mhargaidh iomchuí agus beartais phoiblí atá fabhrach don mhargadh a fhorbairt.
  • Ciste luasaire forbartha margaidh caipitil a dhearadh agus a chur chun feidhme, é sin nó ionstraim tacaíochta cothromais d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna).
  • Lámhleabhair mhaoirseachta a fhorbairt le haghaidh maoirseacht ar na margaí caipitil.

Maoiniú glas

Leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus straitéis airgeadais inbhuanaithe an Aontais sainítear na straitéisí oibriúcháin chun geilleagar aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050.

Tá ról ríthábhachtach ag an gCoimisiún maidir le tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit agus iad ag dul i ngleic leis an raon leathan gníomhaíochtaí athchóirithe atá ag teastáil chun na straitéisí sin a chur chun feidhme. Seo iad an dá bhunchuspóir: sreabhaí caipitil a atreorú chuig gníomhaíochtaí inbhuanaithe agus aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann leis an aeráid atá roimh an earnáil airgeadais.

SAMPLAÍ DEN TACAÍOCHT

  • Cabhrú chun pleananna gníomhaíochta maidir le maoiniú inbhuanaithe a ullmhú chun bacainní roimh mhaoiniú inbhuanaithe a shainaithint agus chun an acmhainneacht chuí a fhothú.
  • Feabhas a chur ar phromhadh inbhuanaitheachta in institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh.
  • Creataí ceannasacha bannaí glasa a chur chun feidhme.
  • Tacaíocht a thabhairt d’údaráis náisiúnta oibleagáidí tuairiscithe agus nochta a chur chun feidhme ar bhonn comhleanúnach.
  • Rioscaí a bhaineann leis an aeráid a chomhtháthú sa mhaoirseacht.
  • Fothú acmhainneachta a chur ar fáil, agus oiliúint san áireamh.

Dócmhainneacht agus athstruchtúrú fiachais

Cur le stóinseacht creataí dócmhainneachta, sin ceann de phríomhchuspóirí an Aontais chun leanúint ar aghaidh le comhtháthú na margaí caipitil san Aontas. Tá gá le creataí dócmhainneachta a fheidhmíonn go maith chun leithdháileadh éifeachtúil caipitil sa gheilleagar a chinntiú. Is cuid riachtanach de dhea-thimpeallacht ghnó é creat daingean dócmhainneachta. Tacaíonn sé le trádáil agus le hinfheistíocht agus cuidíonn sé le geilleagair iasachtaí neamhthuillmheacha a bhainistiú go héifeachtach. Tugann an Coimisiún tacaíocht do na Ballstáit agus iad ag iarraidh athchóirithe a dhearadh agus a chur chun feidhme, athchóirithe a chinnteoidh éifeachtacht a gcreataí dócmhainneachta dlíthiúla.

SAMPLAÍ DEN TACAÍOCHT

  • Reachtaíocht dócmhainneachta a nuachóiriú agus córais náisiúnta a thagarmharcáil le dlínsí eile agus leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta.
  • Uirlisí luathrabhaidh a thabhairt isteach, creataí um athstruchtúrú coisctheach a dhearadh agus an creat maidir le socraíochtaí lasmuigh den chúirt a neartú.
  • Feabhas a chur ar an gcreat institiúideach ionas go mbeidh córais chúirte in ann nósanna imeachta dócmhainneachta agus athstruchtúraithe a láimhseáil ar bhealach níos tapa.
  • Creataí náisiúnta do chleachtóirí dócmhainneachta a athbhreithniú, cur le forfheidhmiú, bailiú sonraí agus dócmhainneacht trasteorann.

Frithsciúradh airgid

Is ábhar imní fós na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta chomh fada a bhaineann le sláine chóras airgeadais an Aontais agus le slándáil na saoránach. Leis an gcúigiú treoir i gcoinne sciúradh airgid cuirtear le trédhearcacht eolais fhóintigh, tugtar rochtain níos leithne ar eolas d’aonaid um fhaisnéis airgeadais, cuirtear leis an gcomhar idir maoirseoirí agus rialaítear airgeadraí fíorúla agus cártaí réamhíoctha. Tugann an Coimisiún tacaíocht do na Ballstáit ina n-iarrachtaí creat dlíthiúil frithsciúrtha airgid a thrasuí agus a chur chun feidhme i gcomhréir le riachtanais a dtíre féin.

SAMPLAÍ DEN TACAÍOCHT

  • Measúnú a dhéanamh ar rioscaí do cheadúnú margaí agus do chórais chlárúcháin.
  • Cineálacha cur chuige rioscabhunaithe a ullmhú chun monatóireacht a dhéanamh ar an gcomhrac i gcoinne sciúradh airgid agus/nó na rioscaí a bhaineann le maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac.
  • Pleananna gníomhaíochta náisiúnta nó earnálacha um maolú riosca a ullmhú.
  • Ceardlanna ardaithe feasachta agus feachtais maidir le frithsciúradh airgid agus na rioscaí a bhaineann le maoiniú sceimhlitheoireachta.
  • Ceanglais fheidhmiúla a ullmhú le haghaidh bogearraí tacaíochta do mhaoirseoirí frithsciúrtha airgid.

An litearthacht airgeadais

Tá margaí caipitil an Aontais Eorpaigh sách tearcfhorbartha agus scoilte fós ar fud an Aontais. Oideachas agus litearthacht airgeadais, cuidíonn an dá ní sin chun Aontas na Margaí Caipitil a fhorbairt agus a dhoimhniú. Is ríthábhachtach na gnéithe iad sin chun feabhas a chur ar chosaint tomhaltóirí. Molann an Coimisiún Eorpach agus eagraíochtaí náisiúnta go láidir litearthacht agus oideachas airgeadais a fhorbairt sna Ballstáit.

Cuidíonn an Coimisiún le riaracháin náisiúnta chun leibhéil litearthachta airgeadais i measc spriocghrúpaí a fháthmheas agus chun na riachtanais a léirítear leis an bhfáthmheas sin a shainaithint. Ina theannta sin, tugann an Coimisiún tacaíocht do na Ballstáit agus iad ag forbairt cláir thiomnaithe chun feabhas a chur ar litearthacht agus oideachas airgeadais.

SAMPLAÍ DEN TACAÍOCHT

  • Straitéisí náisiúnta a fhorbairt atá dírithe ar litearthacht airgeadais a neartú, iompraíocht stuama airgeadais a chothú agus cur le hathléimneacht airgeadais.
  • Straitéisí litearthachta airgeadais a chur chun feidhme trí uirlisí sonracha oideachais agus/nó uirlisí sonracha cumarsáide a fhorbairt.

Bainistiú géarchéimeanna

Léirigh an ghéarchéim nach raibh réimsí áirithe in earnáil an airgeadais á rialú go leordhóthanach agus nach raibh na huirlisí iomchuí ag maoirseoirí a chuirfeadh ar a gcumas dóibh déileáil le hinstitiúidí a raibh ag cliseadh orthu.
D’fhonn comhar trasteorann a fheabhsú agus spleáchas ar airgead poiblí a laghdú amach anseo, rinneadh athchóiriú iomlán leis an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc ar an gcreat AE maidir le bainistiú a dhéanamh ar chliseadh institiúidí airgeadais. Tugann an Coimisiún tacaíocht do na Ballstáit agus iad ag dearadh agus ag cur chun feidhme athchóirithe chun éifeachtúlacht creataí náisiúnta téarnaimh agus réitigh le haghaidh institiúidí airgeadais a chinntiú.

SAMPLAÍ DEN TACAÍOCHT

  • Lámhleabhair bainistithe géarchéimeanna a fhorbairt chun treoir céim ar chéim maidir le húsáid uirlisí réitigh ar an leibhéal náisiúnta agus/nó i gcomhthéacs trasteorann a chur ar fáil d’údaráis réitigh.
  • Cleachtaí ionsamhlúcháin géarchéime a dhéanamh chun ullmhacht oibríochtúil na n-údarás náisiúnta réitigh a thástáil.
  • Cuidiú chun creataí dlíthiúla dócmhainneachta bainc a ullmhú chun uirlisí iomchuí a chinntiú le haghaidh nósanna imeachta prasa éifeachtúla.
  • Bearta beartais agus dlíthiúla a dhearadh ar mhaithe le dul i ngleic le laigí dlíthiúla agus oibríochtúla i bhfeidhmiú a scéimeanna ráthaithe taiscí.

Sonraí teagmhála

Ceann Aonaid na hearnála airgeadais agus rochtain ar mhaoiniú

LAURA RINALDI

Príomhphointe teagmhála dóibh siúd atá ag cur isteach ar an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil

REFORM-TSIatec [dot] europa [dot] eu (REFORM-SRSP[at]ec[dot]europa[dot]eu)

Tuilleadh eolais maidir leis an obair a bhaineann leis an earnáil airgeadais agus rochtain ar mhaoiniú

REFORM-FINANCIALatec [dot] europa [dot] eu (REFORM-FINANCIAL[at]ec[dot]europa[dot]eu)

Tuilleadh eolais