Tá acmhainneacht iomaíochais agus nuálaíochta an Aontais ag brath go mór ar scileanna. Anuas air sin tá scileann ar cheann de na príomhrudaí a dhéanann an comhtháthú sóisialta agus folláine an duine a chinntiú. De dheasca claochluithe sóisialta leanúnacha agus athstruchtúrú tapa eacnamaíoch, níl an dara rogha ag daoine ach tabhairt faoin bhfoghlaim ar feadh an tsaoil. Dá bhrí sin tá na Ballstáit ag tabhairt faoi athchóirithe chun cur le hacmhainneacht a gcóras oideachais agus oiliúna ionas go mbeidh siad in ann oideachas ar ardchaighdeán a chur ar fáil, oideachas a mbeidh rochtain leanúnach chomhionann ag a saoránaigh air. Tugann an Coimisiún tacaíocht dóibh trí shaineolas a chur ar fáil, mar aon leis an deis cleachtais ábhartha a chleachtadh, agus ar an gcaoi sin cuireann sé leis an tacaíocht eile atá ar fáil.
I gcomhréir le tosaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh agus le tosaíochtaí náisiúnta, cuidíonn an Coimisiúin leis na Ballstáit a gcórais oideachais agus oiliúna a athchóiriú ar bhealach a chuidíonn chun téarnamh a dhéanamh ó chur isteach phaindéim an choróinvíris, agus ar bhealach a dhéanann na córais sin níos athléimní go fadtéarmach, le béim ar an tionchar diúltach sóisialta a chomhrac.
Chun é sin a bhaint amach, téann an Coimisiún i gcomhar le húdaráis riaracháin na mBallstát ar raon leathan ábhar. I measc na ndreamanna a bhaineann tairbhe as sin tá Aireachtaí atá i gceannas ar an oideachas, an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint, ar an bhfostaíocht agus ar an taighde agus an nuálaíocht, chomh maith le gníomhaireachtaí stáit ábhartha agus údaráis réigiúnacha.
Tuilleadh eolais faoinár dtionscadail >
Íoslódáil an bróisiúr faoi Scileanna, Oideachas agus Oiliúint >